Na Gaeil Óga

Founded 2011

Dublin

Nuachtlitir 16.06.2023

Download our mobile app to hear more about Na Gaeil Óga.

See More

Fáilte chuig Nuachtlitir Na Gaeil Óga, áit a bhfaighidh tú an t-eolas is déanaí faoi gach rud atá ag tarlú inár bpobal bríomhar.

Cailíní GSNP, Buachaillí GSER, Cailíní F8, Imreoirí Baile Átha Cliath, Céad Chomaoineach

Cailíní GSNP

Comhghairdeas mór le na cailíní GSNP agus an craobh i bPáirc an Chrócaigh. Comhghairdeas go háirithe lenár gcailíní NGO agus a mbainisteoir Múinteoir Nóra atá mar chuid den chlub. Tá stair na scoile bainte amach acu agus é seo an chéad uair riamh a bhuaigh An Scoil craobh camógaíochta.

Buachaillí GSER

Comhghairdeas le na buachaillí GSER agus bua iontach bainteach amach acu i bPáirc an Chrócaigh. Táimid go bródúil astu go léir.

Cailíní F8 - Peil
Bhí maidin iontach againn arís ar an Domhnach - Peil in aghaidh @lucansarsfieldsofficial GAA. Scileanna iontach le feiceáil ón dá bhfoireann. Bhí na cailíní go léir ar fheabhas ar fad. Bhí uachtar reoite tuilte acu ar fad!


Imreoirí Baile Átha Cliath

Ba phribhléid mhór é don bheirt chailíní Sadhbh Ní Mháirtín agus Aoibhe Ní Léanacháin bheith ina n-ionadaithe thar ceann eagraíochtaí neamhrialtais le Baile Átha Cliath. Seo an chéad uair a d'imir cailíní de chuid Na Gaeil Óga le foireann Átha Cliath.
Maith sibh a chailíní, tá bhur gclub an-bhródúil asaibh.

Céad Chomaoineach

Roinnt d'ár gcailíní agus buachaillí faoi aois ag céiliúradh a gCéad Chomaoineach i mbliana.. Nach bhfuil siad gleoite ar fad...

Todhchaí ár gClub... Na Gaeil Óga Abú