Na Gaeil Óga

Founded 2011

Dublin

An Nuacht is déanaí 📰🗞

Download our mobile app to hear more about Na Gaeil Óga.

See More
PEIL

Bhí 32 Gael ag traenáil peile ar an Máirt, tá sé go haoibhinn a bheith ag traenáil i measc na bhfianna i bPáirc an Fhionnuisce, taobh le Dún na hArmlainne.

Coinneoimid suas an obair anois a leaids. Maith sibh 🔵🟡

**********
Iomáint na bhFear

Foireann A iomána an chumainn amuighi rith na seachtaine in éadan Ráth Éanna. Ní raibh an lá linn faraor ach sinn ag díriú anois ar chluiche an Domhnaigh. Ar aghaidh linn le chéile!💪

**********
Nuachtlitir

Bhíomar sa Nuachtlitir Leamhcáin le déanaí 💙💛🌟👌
Coimead súil ar an gcéad ceann eile!

#lechéile #leamhcán #gaeilge365 #gaeilgebeo #árdteanga #clg #clgtríghaeilge #gaelscoileanna #árgclub #árspórt #féilecamógaíochta2025

**********
Séamus - Teidí an Acadamh

Bhí Séamus, teidí an Acadamh an-gnóthach an tseachtain seo. Chuaigh sé abhaile le roinnt páistí le déanaí agus chuadar ar go leor eachtraí éagsúla. Beidh sos ceart ag teastáil ó Séamus..

N'fheadar cá rachfaidh Séamus an tseachtain seo chugainn.

Bígí Linn maidin Shatharn ag an acadamh le fáil amach.

Fáilte roimh páistí nua i gcónaí.
Bí i dteagmháil linn.

💙💛💙💛

**********
CAILÍNÍ F16/14

🏆🌟Seaimpíní faoi dhó d'ár gcailíní Féile 2025🌟🏆

Comhghairdeas ollmhór lenár gcailíní F16/14 a bhuaigh an Féile Peile le déanaí ag cur leis an teideal camógaíochta a bhuaigh siad cúpla seachtain ó shin!
Táimíd chomh bródúil astu. Chuireadar an-troid isteach le taispeántas scileanna den chéad scoth.. Bhí sé chomh deas an tacaíocht a fheiceáil ansin ar an taobhlíne ón bhfoireann is óige sa chlub suas go dtí na foirne is sine. 

Éacht iontach — táimid an-bhródúil asaibh a chailíní.

"Mol an óige agus Tiocfaidh siad" 

💙💛💙💛💙💛💙💛

Buíochas mór le Kieron Nesbitt, Robert Finn, James Shortt agus Gerry Trehy as an urraíocht agus tacaíocht atá tugtha acu chun na cailíní seo a ghléasadh i mbliana agus don bhféile seo.

@nesco.ie @aandrwindows
@carlsonwindowsanddoors @efastireland

**********
BUACHAILLÍ F15

Buaiteoirí na scéithe Féile na nGael 2025. Comhghairdeas mór lenár mbuachaillí F15 a bhuaigh sa Féile na nGael le déanaí. Táimíd chomh bródúil as an méid dul chun cinn agus obair crua atá déanta acu. Bhí go leor laethanta iontacha againn le déanaí agus ár n-imreoirí faoi aois ag cruthú stair dúinn.

Comhghairdeas mór libh a bhuachaillí. Tá sé tuillte agaibh go mór 💪💙💛🎊🎉🙌🔥

#árgclub #lechéile #féilenangael #cairdeas #nagaeilógaabú

**********
CAIFÉ 'S COMHRÁ

Bualaigí isteach gach Aoine le haghaidh cupán caifé agus comhrá Gaeilge..Tuilleadh eolas anseo :>
**********
LOTÓ

Imir Linn sa Chrannchur Na Gaeil Óga.. €2700 sa phota mhór an tseachtain seo..
                 https://nagaeiloga.clubforce.com/products/crannchur-na-gaeil-ga-clg-lotto   

**********