Fáilte chuig Nuachtlitir Na Gaeil Óga, áit a bhfaighidh tú an t-eolas is déanaí faoi gach rud atá ag tarlú inár bpobal bríomhar.
Oíche Rásaíochta, Cailíní F10 - Peil, Foireann Camógaíochta, Buachaillí F15 - Iomáint, Sorcas Lán Gaeilge
Oíche Rásaíochta
Hey gach duine! Is feidir leat do chapall, traenalaí, marcach agus úinéir a cheannach anois don oíche Rasaíochta! Is feidir libh seo a dhéanamh sa ‘siopa club’ ar clubzapp https://clubzap.page.link/ZsPfmk1ERk7T68QC9
Hey everyone! You can now buy your horse, trainer, owner and jockey for our Race Night! These can be found in the ‘club shop’ on clubzapp!!
Cailíní F10 - Peil
Comhghairdeas le na cailíní faoi 10 agus iad ag imirt ag leath ama ag an gcluiche ceannais cúige Laighean. Táimid an bhródúil asaibh go léir agus an imirt iontach.
Foireann Camógaíochta
Bhí an chéad traenáil againn idir an foireann fásta camógaíochta agus an foireann faoi 14. Rinneadar go léir jab iontach de agus bhí an chluiche againn sa deireadh. Fuair Aoibhinn imreoir an traenáil, rinne sí jab iontach.
Buachaillí F15 - Iomáint
Chuir na buachaillí F15 tús spleodrach leis an sraith aréir le bua cuimsitheach in aghaidh Caisléan Cnúcha.
D'imir Sean Anderson an-mhaith sa chúl. Bhí cluichí an-stuama ag Conor Mac Giolla Leith, Oisín Ó Riain & Rioghnáin Ó Briain sna tacaithe. Bhí an lámh in uachtar ag Shannon Reilly & Tom Ó hEamhaigh i lár na páirce. Coinnigh Dara de Búrca & Matthew Ó Dúinn clár an scór ag imeacht agus chruthaigh diograis agus gluaiseachtaí Darragh Scott go leor dushlán don fhreasúra freisin.
Direoidh na buachaillí anois ar an gcead cluiche eile a bheidh acu an Mhairt seo chugainn.
Sorcas lán Gaeilge
Éist le seo! Tá Sorcas lán Gaeilge ag teacht chuig Leamhcain an Domhnach seo chugainn!!! Tá praghas níos saoire eagraithe againn (€12) agus is feidir leat ticeidi a fháil ar an nasc seo https://circusgerbola.ie/lucan/
*Circus*
Exciting times, there is now an all Irish speaking circus coming this Sunday. Be sure to get your tickets for what is sure to be an absolute barrel of laughs.