Na Gaeil Óga

Founded 2011

Dublin

Nuachtlitir 03.05.2023

Download our mobile app to hear more about Na Gaeil Óga.

See More

Fáilte chuig Nuachtlitir Na Gaeil Óga, áit a bhfaighidh tú an t-eolas is déanaí faoi gach rud atá ag tarlú inár bpobal bríomhar.

Grúpa Tuistí agus Leanaí, Buachaillí F15 agus Cailíní F14 - Peil, Buachaillí F11 - Peil, Cailíní F12 - Camogie, Cailíní F8 - Camogie, Buachailí F9 agus F12 - Peil, Peil an bhFear, Foireann Iománaíochta C

Grúpa Tuistí agus Leanaí

Beidh Grúpa Tuistí & Léanaí Na Gaeil Óga ag bualadh le chéile arís ar Satháirn an 6 Bealtaine ag 9.30 sa chlós súgartha i bPáirc Caitríona. Má is spéis leat bualadh le teaghlaigh eile le Gaeilge sa cheantar a bhfuil páistí idir 0-3 acu cuir scéal go Neasa ar 0830676145


Buachaillí F15 agus Cailíní F14 - Peil

Go raibh maith agaibh as ár gcairde i Laochra Loch Lao a chuir failte roimh ár mbuachaillí F15 & cailíní F14 i mBAC.

Bhi cluichi an-spoirtuil agus ansin ar aghaidh linn le tacaiocht a thabhairt do hiomanaithe BhAC sa chraobh iomana!

Buachaillí F11 - Peil


Dhá chluiche chrua ar maidin i gcoinne CLG Chloigthithe Lusca.
Sár scileanna agus imirt ar taispeáint ó na buachaillí...go háirithe ó Rhys Reilly John McDermott, Cian MacGiollaPhadraig agus scóranna iontacha tógtha ag Bobby Foy ar an A pháirc.
Ar pháirc B sár imirt ó Dhonnchadh Büttner, Ruairí MacGiollaPhadraig, James Hickey, Dara Canning agus scóranna iontacha ó Evan Foley agus Conor Sheehan.

Cailíní F12 - Camogie

Bhí cluichí camógaíochta iontacha ag na cailíní F12 in aghaidh naomh Peregrine @stperegrinesgaa in ainneoin na drochaimsire. Spiorad foirne iontach! Lá do na lachain a bhí ann

Cailíní F8 - Camogie

Bhí na cailíní F8 go hiontach ar fad in aghaidh Bhaile Buadáin Naomh Éanna. Ní raibh aon fhadhb acu díriú isteach sna cluichí ó thús go deireadh imeartha. Táimid chomh sásta agus bródúil asaibh uilig arís. Maith sibh, a chailíní!

Buachailí F9 agus F12 - Peil

Bhi lá iontach ag na mbuachaillí f9 & f12 thíos I gcontae Laois.
Bhí cluichí cairdúil & failte mór dúinn lenár gcairde I Pairc/Raithín an Uisce agus ansin ar aghaidh go pairc Uí mhordha don Cluiche mór peile.

Peil an bhFear

Is cinnte go raibh fonn imeartha ar fhoireann B na bhfear Dé Domhnaigh seo imithe tharainn. Chruthaigh an fhoireann neart deiseanna scórála sa chéad leath in éadan Bhaile Baodáin ach cuireadh roinnt mhaith dóibh ar fóraoil agus bhí mí-ádh ar Shane Mac Domhnaill an trasnán a bhualadh. Dá bharr, in ainneoin na himeartha, ní raibh NGÓ ach pointe amháin chun tosaigh ag leath ama. Bhíodar foighneach sa darna leath agus de réir a chéile tháinig na scóranna. Rith Kev Ó Tiománaigh leis an liathróid nach mór ó lár na páirce agus chuir sé an liathróid isteach i cúinne na heangaí chun cúig phointe a chur idir na foirne. Níor fhág cúl déanach ó Bhaile Baodáin ach trí phointe idir na foirne ach chinntigh Shane agus Ciarán Ó Gallchóir an bua nuair a chiceáil siad dhá phointe áille agus muid ag druidim le deireadh an chluiche. Toradh suntasach don bhfoireann. Scór lán ama NGÓ 1-11 BB 2-3.

Foireann Iománaíochta C

Bíonn gach tús mall. Tar éis 18 mhí ar an bhfód d'éirigh lenár dtriú foireann iománaíochta a gcéad bua a thiomsú aréir. Is cosúil gurbh fhiú an fanacht. Maith sibh lads. Scór deireadh do cluiche na Cs; NGÓ 3-13 Na Fianna 2-7