Fáilte chuig Nuachtlitir Na Gaeil Óga, áit a bhfaighidh tú an t-eolas is déanaí faoi gach rud atá ag tarlú inár bpobal bríomhar.
Buachaillí F8 - Iomáint, Cailíní F8 - Peil, Buachaillí F11 - Iomáint, Buachaillí F12 - Iomáint, Iomáint - Foireann A, Téacs Taistil
Buachaillí F8 - Iomáint
An-sásta leis na leaids. I gcoinne freasúra láidir lean siad orthu ag iarraidh a gcuid scileanna nua a úsáid agus an liathróid a bhaint den talamh. Is é an diongbháilteacht sin a dhéanfaidh imreoirí iontacha dóibh.
Cailíní F8 - Peil
Bhí maidin iontach ag na Cailiní F8 arís ar an Domhnach. Ár gcéad chluiche peile den séasúr in aghaidh Naomh Jude. Nach aoibhinn dúinn an Ghaeilge a chloisteáil uathu chomh maith. Bhí cluichí iontacha ag na cailíní ar fad ón dá bhfoireann. Bhí sé chomh deas an spreagadh agus tacaíocht a fheiceáil ó na cóitseálaithr ar fad dos na cailíní go léir cibé foireann a bhíodar ag imirt le. Míle buíochas as an bhfáilte mhór a thugadar dúinn ar maidin. Ag súil go mór bualadh libh arís, @clgnaomhjude
Buachaillí F11 - Iomáint
Maidin álainn le cluichí iomáint dian deacair inniu i gcoinne Úi Dhuibhir, foireann a raibh an láidir. Ach fós bhí sár-imirt agus scileanna le fheiceáil ar na beirt páirceanna.
Ar an A páirc sár obair ó Rhys Reilly, Ronan de Paor agus Oisín Mcdonnell chun an cluiche a thógail go dtí Úi Dhuibhir.
Ar an B páirc bhí sár-cluiche ag Cian MacGiollaPhadraig Evan Foley agus Dara Canning.
Buachaillí F12 - Iomáint
Thaisteal Na Buachaillí F12 go Naomh Fhionnáin agus bhí a fhios acu go mbeadh cluiche dian, fisiciúil ós a gcomhair. Bhí Naomh Fhionnáin an-láidir sa chéad leath, ach throid NGÓ go tréan agus go dian sa dara leath, ag léiriú an-spioraid. Cé gur éirigh leo 2 chúl agus 2 phointe a scóráil sa dara leath, níor éirigh leo an lámh in uachtar a fháil ag an deireadh faraor. Maith sibh a Bhuachaillí - d’oibrigh sibh go h-iontach lena chéile i gcoinne foireann a bhí an-láidir.
Iomáint - Foireann A
Bhí bua maith ag príomhfhoireann iomanaíochta an chumann i gcoinne Erin's Isle i bPáirc Caitríona.
Bhí an lamh in uachtar ag an bhfreasúra sa chéad leath in ainneoin deá-iarrachtaí Eoin Ó Masúin, Kevin Silke & Michael Twomey.
Scéal difrúil a bhí ann tar éis an bhriseadh, thainig Phil Taylor, Naoise de Bhaldraithe & Steve Donohue go láidir isteach sa chluiche agus chríochnaigh NGÓ le bua snasta ar deireadh.
Téacs Taistil
Is iontach geansaí Na Gaeil Óga a fheiceáil á chaitheamh ag fear Chiarraí Séaghan Ó Súilleabháin! Is féidir tacú linn agus fearas NGÓ a cheannach ar oneills.com nó féach ar ár Linktree! @kerry.cowboy @tg4tv