Na Gaeil Óga

Founded 2011

Dublin

Nuachtlitir 12.04.2023

Download our mobile app to hear more about Na Gaeil Óga.

See More

Fáilte chuig Nuachtlitir Na Gaeil Óga, áit a bhfaighidh tú an t-eolas is déanaí faoi gach rud atá ag tarlú inár bpobal bríomhar.

Buachaillí F11 - Peil, Cailíní F14 - Peil, Buachaillí - Peil, Buachaillí F15 - Peil, Buachaillí F9, Ceardlann Scileanna, Trialacha BÁC, Buachaillí F9 Iomáint


Buachaillí F11 - Peil

Lá iontach le sár-imirt ó na foirne....bhí gach duine ar fheabhas. Bhí sár scóranna le fheiceáil agus bhí na scileanna go léir ann. Cheapaim go raibh seo an lá is fearr a chonaic mé riamh.

Bhí mé féin agus na cóitseálaithe go léir bhrodúil as na lads

Bhí mé ann bhrodúil as na lads a d'imir le Naomh Peregrine....Jack O Leary, Orin Crowe agus Bobby Foy agus as na lads a d'imir suas inniu Luke O Toole agus Finn Graham

Cailíní F14 - Peil

Bhí bua maith ag na cailíní F14 in aghaidh CLG Dea-Chomhairle/Gaeil na Life. Thosaigh Dea-Chomhairle Gaeil na Life go han-láidir sa chéad leath. Chuir NGÓ dian-bhrú ó thús an dara leath agus thug gach uile Ghael Óg 100% ar an bpáirc. D'fhág muid an pháirc agus muid caithréimeach - bua a bhí tuillte go maith. Maith iad na cailíní! NGÓ abú!

Buachaillí - Peil
Maith sibh a bhuachaillí, coinníollacha deacair ach bhí peile iontach ar siúl, in ainneoin na haimsire! Ag feabhsú an t-am ar fad.

Buachaillí F15 - Peil

Bhí mí-ádh ceart ag na buachaillí F15 i gcóinne Naomh Uinsionn sa chluiche leath ceannais Féile.

Chríochnaigh an chluiche 0-9 go 0-6. Bhí na foirne gob ar gob an chluiche ar fad ach d'eirigh leis an bhfreasura an lámh in uachtar a fhail sna noimintí deireannacha.

Moladh ar leith do Adam Ó Bradaigh, Oisín Ó Riain & Rioghnáin Ó Briain sa chosáint. Bhí Tom Ó hEamhaigh & Shannon Reilly an-fuinnúil timpeall an lár le tacaíocht iontach ó Rory Ahearne. Matthew Ó Dúinn, Jake Nesbitt & Darragh Scott is mó a bhí brabhasach sna tosaithe!

Buachaillí F9

Bhí oiche traenála iontach ag na lads faoi 9 tráthnóna Dé Céadaoin.
Rinne Ailbhe seisiún iomáint leo & tháinig cuairteoir speisialta freisin

Ceardlann Scileanna

Bhí ceardlann scileanna iontach ar siúl an tseachtain seo caite le Stiofán, duine dár n-imreoirí fásta, ag díriú ar an bpeil agus ar an iomáint!

Trialacha F14 BÁC

Moladh mór do Tadhg Ó Breacáin, Sean Anderson & Oisín Ó Riain a ghlac páirt i dtrialacha iomanaíochta BhÁC F14.

Táimid an-bhródúil asaibh.

Buachaillí F9 Iomáint

Bhí maidin iontach ag na buachaillí faoi 9 i Westmanstown.
Bhi cluichí spraíúil & sportuil againn. Bhí na lads go léir thar barr & taimid go léir an bróduil as sibh.