Fáilte chuig Nuachtlitir Na Gaeil Óga, áit a bhfaighidh tú an t-eolas is déanaí faoi gach rud atá ag tarlú inár bpobal bríomhar.
Táimid ag Earcú, Ceardlann Scileanna, Grúpa Tuistí agus Leanaí, Cluiche Leath-ceannais Féile, Cóisir Chásca, Cailíní F8 - Camogie, Buachaillí F8 - Iomáint
Táimid ag Earcú
A chairde, is mian le Na Gaeil Óga duine a earcú mar Oifigeach Forbartha Cluichí Lán-Ghaeilge.
Féach ár leathanach LinkedIn do gach eolas agus chun iarratas a dhéanamh.
Na Gaeil Óga CLG on LinkedIn: Leabhrán Eolais NGÓ 2023
Tá duine tiomanta á lorg don ról seo agus is féidir iarratas a dhéanamh roimh Dé Luain an 17 Aibreán 2023
Scaip an scéal!
Ceardlann Scileanna
Grúpa Tuistí agus Leanaí
Beidh muid ag cur tús le grúpa tuistí & léanaí Gaeilge nua ar an Satháirn i nGaelscoil Naomh Padráig (Leamhcán) ag 9:30 le toraíocht uibheacha.
Fáilte roimh tuistí le Gaeilge líofa araon le foghlaimeoirí ar mhian leo bualadh le teaghlaigh eile le Gaeilge.
Cluiche Leath-ceannais Féile
Lá mór don pharóiste Ghaelach ar an nDomhnach
Don chéad uair riamh beidh foireann ón chlub ag glacadh páirt i gcluiche leath-ceannais Féile!
Beidh an chluiche as baile i bPáirc Naomh Uinsionn ag 11:15 ar an nDomhnach. Tagáigí amach agus tacaigh lenár bhfir óga agus iad ag dul chun páirce.
Cóisir Chásca
Réaltaí an Todhchaí - Na Cailíní F8
BhÍ maidin breá againn ag imirt in aghaidh @ballinteers.johns.
Chuireadar fáilte ollmhór romhainn. Bhíomar fliuch agus fuar ag an deireadh ach bhí an-spraoi againn. D'imir na cailíní tharr barr. D'oibrigh siad go dian agus go h-iontach le chéile. Sár-obair a chailíní
Buachaillí F8 - Iomáint
Maith sibh a bhuachaillí go léir, agus Lily cróga ag léimt isteach chun cabhrú libh. Bhí cothrom na féinne iontach léirithe ag gach duine agus roinnt scóranna iontacha. Mar is gnáth táimid an-bhródúil as na buachaillí.