Fáilte chuig Nuachtlitir Na Gaeil Óga, áit a bhfaighidh tú an t-eolas is déanaí faoi gach rud atá ag tarlú inár bpobal bríomhar.
Buachaillí F8 - Peil, Buachaillí F11 - Peil, Cailíní F14 - Camogie, Cailíní F10 - Peil, Buachaillí F15 - Peil, Buachaillí F8 - Iomáint, Fóram Pleanála, Buachaillí F11 - Iomáint, Buachaillí F12 - Iomáint, Cailíní F12 - Peil, Buachaillí F13 - Peil
Buachaillí F8 - Peil
Trí chluiche iontach peile in aghaidh Geraldine P Moran do na buachaillí faoi 8. Bhí sárscileanna á taispeáint acu. Rinne gach imreoir éacht.
BuachaillÍ F11 - Peil
Dhá chluiche chrua do na buachaillí...Is foireann peile an-láidir iad Naomh Peadar. Bhí a bhfoirne inniu ró-láidir dúinn....agus níor chabhraigh an ghaoth sa chéad leath!
Bhí sé go hiontach na lads a fheiceáil ag imirt go deireadh an dá chluiche agus foghlaimeoidh siad ón méid a tharla.
Bhíomar ag obair go dian le coicís anuas, mar sin tá a fhios agam go mbeidh díomá ar na buachaillí anocht, ach ar aghaidh linn go dtí an chéad chluiche eile.
Cailíní F14 - Camogie
Tugadh cuireadh dúinn anonn go bóthar Mhullach Íde chun cluiche dúshláin camógaíochta a thabhairt do Naomh Uinseann.
Léirigh na cailíní faoi 14 an-mhuinín agus spiorad foirne ar an bpáirc agus tástáladh na leibhéil aclaíochta. Níor ghéill na cailíní riamh!
Bhí Ruby Ní Fhoghlú mar chaptaen ar an bhfoireann agus léirigh sí aibíocht iontach. Léirigh Eve Ní Fhairceallagh muinín mhór as a cuid scileanna a úsáid ar an bpáirc. D’oibrigh Irina Ó Chonchbhaír & Sophie Bennett go dian ag cosaint. D’oibrigh Alva McGuinesss is Aoibhinn ní Ailpín go maith le chéile ar dtús. Rinne Aoibhe ní Léanacháin is Noreen Ignais go hiontach sna cúilíní. Maith sibh gach duine 💛💙
Na Gaeil Óga 5-6
Naomh Uinseann 2-3
We were invited over to Malahide road to play St. Vincent’s in a Camogie challenge match, The u14 girls showed great confidence and team spirit on the pitch and fitness levels were tested but the girls never gave up.
Ruby Ní Fhoghlú captained the team well and showed great maturity. Eve Ní Fhairceallagh showed increased confidence in using her skills on the pitch. Irina Ó Chonchbhaír & Sophie Bennett worked hard in defence. Alva McGuinesss & Aoibhinn ní Ailpín worked well together up front. Aoibhe Ní Léanacháin & Noreen Ignais did great in goals
Well done everyone
Na Gaeil Óga 5-6
St. Vincent’s 2-3
Cailíní F10 - Peil
Ar an Satharn bhí tús iontach ag na cailíní F 10 leis an séasúr i gcoinne Garda Westmanstown Gaels
Buachaillí F15 - Peil
Bhí cath fíochmhar i bPáirc Naomh Caitríona a chríochnaigh ar comhscór idir ár bhfoireann F15 agus Caisléan Cnucha. Bhí Sean Anderson an-chruinn lena chiceanna amach agus Shannon Reilly á mbuachan arís agus arís eile i lár na páirce. Bhí Oisín Ó Riain an-éifeachtach ag ionsaí ón líne leathchúil agus bhí Sam Wright Graydon, Tadhg Ó Breacáin is Adam Ó Bradaigh an-stuama ar chúl. Fuair Matthew Ó Dúinn dhá chúl agus Ríoghnáin Ó Briain cúl chomh deas le haon cheann dá bhfuarthas riamh i bPáirc Naomh Caitríona.
Buachaillí F8 - Iomáint
Maith sibh na buachaillí faoi 8 ar fad. Cluichí deacra imeartha ach bhí na buachaillí ar fheabhas. NGÓ abu.
Fóram Pleanála
Tá Na Gaeil Óga ag dul ó neart go neart bliain ar bhliain, ach tá obair le déanamh!
Óiche iontach ag an bhFóram Pleanála - go leor smaointe agus plé chun plean a fhorbairt don chlub a thogfaidh muid chomh fada le 2025.
Buachaillí F11 - Iomáint
Buachaillí faoi 11- Dhá chluiche iomaíoch inné le sár scileanna á thaispeáint.
Ar an gcéad pháirc bhí Rónán de Paor agus Ruairi MacGiollaPhádraig ar fheabhas agus choinnigh siad ag troid i gcomhair gach liathróid. Bhí ár imreoir is nua Oisín McDonnell ar fheabhas freisin.
Ar an dara pháirc bhí Aodhfin Farelly agus Ruairi Fee dochreidte agus fuair John McDermott scóranna álainn.
Sár-imirt ó na buachaillaí go léir.
Buachaillí F12 - Iomáint
Bhí an-lá ag na buachaillí faoi 12 ag imirt cluiche iomána i gCluain Tarbh Dé Sathairn. Taispeántas iontach ón bhfoireann ar fad i bPáirc Naomh Áine. Bhuaigh said an cluiche 3-4 vs 2-0, maith sibh!
Cailíní F12 - Peil
D’imir an dá fhoireann go hiontach in aghaidh Lucan Sarsfields. Obair den scoth
Sin ár gcéad chluiche peile den séasúr agus bhí gach duine ar feabhas. Maith sibh, ar aghaidh linn le chéile. NGÓ abú!
Buachaillí F13 - Peil
Bhí an-bhua ag buachaillí F13 i gcóinne Kilmacud Crokes ar an Satháirn sa sraith peile.
Cluiche teann a bhí ach chinntigh cúl déanach ón nascaire Donal Mac Diarmada go raibh an bua ag buachaillí an iarthar.
Bhí Liam de Róiste, Donnacha Ó Dubhuí an-stuama ar chúl. Bhí Corey & Daniel an-fuinneamhach timpeall an lár, le cuma brabhsach ar Fionn Harris, Fionn Meehan & Rhys Reilly chun tosaigh.