Fáilte chuig Nuachtlitir Na Gaeil Óga, áit a bhfaighidh tú an t-eolas is déanaí faoi gach rud atá ag tarlú inár bpobal bríomhar.
Buachaillí 2015, Buachaillí - Iomáint, Buachaillí F15 - Féile, Is Fiú Gach Céim, Foireann B Peil na bhfear, Buachaillí F15
Buachaillí 2015
Lá mór ag na buachaillí 2015 nuair a thug siad aghaidh ar Ballyboden St Endas inné ina gcead cluiche iomána.
Bhí diograis & fuinneamh le feiceail ona himreoiri ar fad. Taimid ag suil go mor leis an mbóthar fada, taitneamhach atá os comhar na lads amach anseo. Go raibh míle as ucht an tacaíocht iontach agus é fuar agus fliuch.
Buachaillí - Iomáint
Dhá chluiche mhaithe inné ar na páirceanna i Naomh Sailbheastair... bua amháin agus ceann caillte. Bhí sé iontach gach duine a fheiceáil ar ais.
Tá súil agam go bhfuil an aclaíocht agus na scileanna á fhorbairt againn go léir agus ar ais ag traenáil oíche Mháirt.
Míle buíochas arís do na tuismitheoirí go léir as a dtacaíocht leanúnach
Two good games on the pitches in Saint Sylvesters one a win and one a loss....it was great to see everyone back.
I hope everybody is recovering well and back to training on Tuesday night.
Once again thanks to all the parents for their constant support.
Buachaillí F15 - Féile
Chruthaigh na buachaillí F15 píosa beag staire maidin Domhnaigh nuair a ghlac foireann ón chlub páirt i bhFéile na nGael den chead uair.
Ar an ndrochuair ní raibh an lá leo, 3 cúilín a bhí ann ag an ndeireadh agus an lámh in uachtar ag Lucan Sarsfields.
Rinne an captaen Matthew Ó Dúinn & Rioghnáin Ó Briain an-cosáint le linn an chluiche. Fuair Dara de Búrca & Max Nesbitt na cúil. Moladh ar leith do Shannon Reilly & Darragh Scott a d'imir a gcluichí peile is fearr go dtí seo.
Céim ar chéim
Is Fiú Gach Céim
Maith sibh gach duine a ghlac páirt sa dúshlán. Míle buíochas as ucht an tacaíocht iontach a thaispeáin sibh go léir. Ghlac níos mó ná 40 baill páirt sa dúshlán, bhí sé dochreidte. Shiúlamar beagnach 8000km san iomlán. Tá seans againn anois duaiseanna iontacha a bhuacaint don chlub de bharr bhur siúlóid. Bhí sé mar spreagadh iontach dúinn níos mó iarracht a chur san aclaíocht agus caithfimid buíochas a ghabháil le Irish Life don spreagadh iontach sin.
Well done to all our members who helped us complete the step challenge. A huge thankyou for your support. We had over 40 members take part, fantastic. We have now walked nearly 8000k. You all have helped the club so much that we will now be entered into the prize draw . (fingers crossed) Thank you Mylife/Irish Life, for helping our club get more fit and healthy. It's a great way to start off the new year!
Foireann B Peil na bhfear
Bua a raibh dúshlán ag baint leis d'fhoireann B na bhfear inniu in aghaidh Chroí Ró Naofa sa tsraith. Cosaint thréan á déanamh agus iarracht iontach ó gach cosantóir! Níor scaoil an cúl báire Colm 'Attty' Mac Fhionnghaile liathróid ar bith thairis. Agus obair na gcapall ón gcaptaen Aindí Mac an Rí i lár na páirce! Maith sibh.
Buachaillí F15
Shocraigh na buachaillí F15 turas go Páirc Parnell le breathnú ar BhÁC ag tabhairt aghaidh ar Aontroim. Tá siad ag súil go mór leis an lá go mbeidh siad ann ag tacú le ball den chumann.