Fáilte chuig Nuachtlitir Na Gaeil Óga, áit a bhfaighidh tú an t-eolas is déanaí faoi gach rud atá ag tarlú inár bpobal bríomhar.
Cailíní F8, Cailíní F14 - Peil, Peil na bhfear
Cailíní F8
Bhí maidin iontach againn le Westmanstown GAA.. Bhí an-spórt, spraoi agus scileanna iontach le feiceáil ó gach éinne. Maith sibh uilig a chailíní
We had a super morning with Westmanstown GAA. Lots of fun, sport and skills to be seen. Well done to all the girls..
Traenáil gach Céadaoin 6-7pm - BÍGÍ LINN
Maith sibh a chailíní...
Cailíni F14 - Peil
Tús iontach leis an séasúr!
Chuir na Cailíní F14 a gcroí isteach ann agus d'imir siad cluiche ar dóigh agus go háirithe na cailíní f12 a bhí ar an pháirc mhór don chead uair.
Bhí Lily Ní Bhriain sna cúilíní ar fheabhas, pasanna láimhe iontacha ó Saorla Ní Mhurnáin go Niamh Egan, bhí luas iontach ó Róisín Ní Luinneacháin.
Bhí foireann den scoth ag O Tooles fosta.
Bhí Caitlin Ní Fheargail ina captaen láidir ar an bhfoireann.
Rinne Aoibhe Ní Léanachain cluiche cosanta den scoth le imreoirí O’Toole’s agus scileanna iontacha léirithe ag Olivia Ní Nhia a bhí ag scóráil chun tosaigh le Sadhbh Ní Mháirtin & Noreen Igbeta & Tara ní Eabhróid.
Bhí Sally Champion ag imirt ar an liathróid le luas iontach.
Ngó 6-5
O'Toole's 1-5
Peil na bhfear
Maidin bhreá inné do chluiche peile dúshláin agus toradh maith ag foireann A na bhfear in aghaidh Fánaithe Bhaile Baodáin!