Na Gaeil Óga

Founded 2011

Dublin

Nuachtlitir 05.02.2023

Download our mobile app to hear more about Na Gaeil Óga.

See More

Fáilte chuig Nuachtlitir Na Gaeil Óga, áit a bhfaighidh tú an t-eolas is déanaí faoi gach rud atá ag tarlú inár bpobal bríomhar.

Buachaillí F8, Cailíní F14, Buachaillí F15 - Iomáint, Ceardlann Réiteoireachta, Slán Conan, Ballraíocht, Peileadóirí Fásta, Iomáint/Shinty

Buachaillí F8

Ullmhúchán faoi lán seoil do na BF8 sula dtosaíonn siad ar a Go Games. Bhí an-rith amach acu i gcoinne St. Mary's Boys i Rathcoole Dé Sathairn. Go leor scileanna iontacha ar thaispeáint agus roinnt scóranna iontacha.

Cailíni F14

Rinne na Cailíní F14 siúlóid chuig an Hellfire Club maidin Dé Sathairn seo caite d'éirí na gréine.
Maidin aláinn a bhí ann, féach ar na radharcanna sin!

Buachaillí F15 - Iomáint
Lean ullmhúcháin na mbuachaillí F15 don séasúr úr le bliots in aghaidh Bhaile an Tirialaigh & Oileán na hÉireann. Thug buachaillí Leamhcáin an dá cluiche leo.

Sa chéad cluiche i gcoinne Tyrellstown bhí iomaitheoir luath ag Tom Ó hEamhaigh do scór na bliana nuair a ghearr siad tríd an bhfreasúra agus chuir sé cúilín breá thar an trasnán ar a thaobh clé. Bhí an-chluiche ag Max Nesbitt le dhá chúl a chuir Na Gaeil Óga in uachtar. Bhí Ríoghnán Ó Briain, Rory Ahearne & Dara de Búrca an-tioncharach freisin.

Sa dara cluiche, bhí tine ar an gcraiceann ag Tadhg Ó Breacáin a d'aimsigh ceithre chúl. Le cúl freisin ó Oisín Ó Riain. D'oibrigh Shannon Reilly go héifeachtach tríd an gcluiche agus bhí an-ráta oibre á léiriú ag Conor Mac Giolla Léith & Sam Wright Graydon ó thús go deireadh.
Beidh na buachaillí ar ais ar an bpáirc ar an 12 Feabhra nuair a chuirfidh siad tús lena bhfeachtas Féile i gcoinne Sháirséalaigh Leamhcáin.

Ceardlann Réiteoireachta

An bhfuil suim agat a bheith mar réiteoir leis NGÓ le haghaidh cluichí Go Games (F7 - F11) gach deireadh seachtaine?
Beidh ceardlann ar súil againn chun bunús reiteoireachta a thabhairt do éinne atá ag iarraidh a bheith ar an liosta réiteoireachta.
Má thagann tú ar an oíche beidh seans agat réiteoireacht a dhéanamh ar chluichí na n-óg agus airgead a thuilleamh

**Máirt 7ú Feabhra 18.15-19.15 Ospidéal an Rí (Astro)**
RSVP le Ailbhe +353 83 094 9215

Slán Conan

Thainig muid (tuistí, Coitséalaí agus imreoirí fásta) le chéile ar an Aoine i Séipéal Iosóid chun slán a fhágáil do Chonan.
Tá go leor obair den scoth déanta ag Conan linn mar Oifigeach Rannpháirtíochta Pobail agus tá muid go léir an-bhuíoch as a fhuinneamh agus am linn!!
Go n-éirí an tádh leat a chara.

Ballraíocht

Bí cinnte go bhfuil sibh ag clárú leis an gclub arís. Is féidir é a dhéanamh tríd ClubZap.

Make sure you register with the club for the year. You can do this easily through ClubZap.

Peileadóirí Fásta

Foireann na mban i gcluiche seachtar an taoibh i gcoinne Ghaeil na Gaillimhe. Tá foirne peile na bhfear agus na mban i gCathair na dTreabh don deireadh seachtaine!

Iomáint/Shinty

Maith sibh don 14 leaids cróga a d'imir an cluiche cairdiúil inné i gcoinne Chamanachd an Eilein Sgiathanaich! Iontach na cluichí Ceilteacha a fheiceáil.