Fáilte chuig Nuachtlitir Na Gaeil Óga, áit a bhfaighidh tú an t-eolas is déanaí faoi gach rud atá ag tarlú inár bpobal bríomhar.
Urraitheoirí Féilire, Buachaillí F10 - Iomáint, Bainisteoir á Lorg, Club Siúil, Foirne Peil (Fir agus Mná) 2023, Foirne Iomána agus Camógaíochta 2023, Féilire Na Gaeil Óga, Na Gaeil Óga ar Newstalk, Buachaillí F14
Urraitheoirí Féilire
Tá urraitheoirí féilire á lorg ag Na Gaeil Óga faoi láthair. Más maith leat fógraíocht a dhéanamh do chomhlacht agus cuidiú linn, cuir r-phoist chuig pobal@nagaeiloga.ie nó DM chugainn.
Na Gaeil Óga are looking for sponsors for our calendar. If you would like to promote your business and help us at the same time, send an email to pobal@nagaeiloga.ie or a DM to us.
Buachaillí F10
Maith sibh a bhuachaillí F10 - bhuaigh an dá fhoireann gach cluiche i mblitz iománaíochta Chaisleán Cnucha.
Well done to our two under 10 teams who won all of their games in the hurling blitz in Castleknock.

Bainisteoir á Lorg
An bhfuil spéis agat sa bhainistíocht?
Beidh peileadóirí na mban ag imirt i Roinn 7 i 2023 agus tá tusa uainn.
Cabhraigh linn an chéad chéim eile a ghlacadh.
Má tá spéis agat, déan teagmháil linn: nagaeiloga.dublin@lgfa.ie
Spriocdháta: Dé hAoine, 9 Nollaig.
Club Siúil
Tá Club Siúil ar ais! Seol r-phost chuig pobal@nagaeiloga.ie le tuilleadh eolais.
Club Siúil is back! Email pobal@nagaeiloga.ie for more information.

Foirne Peil (Fir agus Mná) 2023
Tá trí fhoireann peile san iomlán ag Na Gaeil Óga CLG.
Peil na bhFear 2 fhoireann
Peil na mBan 1 fhoireann
D’imir peileadóirí na bhfear ag leibhéal ard i Roinn 5 i mbliana, agus bhain peileadóirí na mban cluiche ceannais na craoibhe amach, théis dóibh an tsraith a bhuachan agus ardú céime a bhaint amach. Glacann ár bhfoirne peile páirt i gComórtas Peile na Gaeltachta chuile bliain.
Táimid ag dul ó neart go neart mar chumann, agus táimid i gcónaí sa tóir ar imreoirí úra, is cuma cén taithí imeartha nó leibhéal Gaeilge atá agat.
Déan teagmháil linn chun tuilleadh eolais a fháil maidir le himirt linn.
Is muid an t-aon chlub CLG lán-Ghaeilge i mBÁC. Bí linn, bí páirteach le cumann croíúil, agus bí i do Ghael Óg!
Foirne Camógaíochta agus Iomána 2023
Tá trí fhoireann iomána agus foireann camógaíochta amháin ag Na Gaeil Óga CLG, agus chuaigh breis is céad duine chun páirce le camán is clogad ar son an chumainn i mbliana.
Bhí bua ag an gcéad fhoireann iomána sa tsraith i mbliana agus ardú céime go Roinn 5 bainte amach acu, agus bhain an fhoireann camógaíochta an chraobh den chéad uair riamh.
Táimid ag dul ó neart go neart mar chumann, agus táimid i gcónaí sa tóir ar imreoirí úra, is cuma cén taithí imeartha nó leibhéal Gaeilge atá agat.
Déan teagmháil linn chun tuilleadh eolais a fháil maidir le himirt linn.
Is muid an t-aon chlub CLG lán-Ghaeilge i mBÁC. Bí linn, bí páirteach le cumann croíúil, agus bí i do Ghael Óg!
Féilire Na Gaeil Óga
Tá féilire 2023 ar díol anois, cosnaíonn sé €20. Is féilire é a bhfuil grianghraf de gach foireann ann.
Caithfidh tú é a reamhordú agus ní bheidh sé ar díol ach an tseachtain seo. Táimid ag iarraidh ar gach duine ceann a cheannach. Ceannaigh é anois ar an nasc seo:
Na Gaeil Óga | Purchase Product (clubzap.com)
Na Gaeil Óga Calendar!
The 2023 Na Gaeil Óga calendar is now for sale at a cost of €20. It features pictures of every team in the club and is in Irish. The calendar is only for sale through pre-orders and will only be on sale this week. Buy it now on the below link
Na Gaeil Óga | Purchase Product (clubzap.com)
Na Gaeil Óga ar Newstalk
Bhí Eoin P Ó Murchú ag caint faoi Na Gaeil Óga ar Newstalk le déanaí, chomh maith le dráma atá ar siúl aige Dé Sathairn beag seo (agus le cúpla duine eile ón bhfoireann peile) Is féidir éisteacht leis an agallamh - féach ar Linktree:
Na Gaeil Óga, CLG | Facebook | Linktree
Tuilleadh eolais faoin dráma, Dé Sathairn 8pm Smockalley - féách ar Linktree:
Na Gaeil Óga, CLG | Facebook | Linktree
Buachaillí F14
Maidin d'obair chrua curtha isteach ag buachaillí F14 in Abbottstown.