Na Gaeil Óga

Founded 2011

Dublin

Nuachtlitir 11.11.2022

Download our mobile app to hear more about Na Gaeil Óga.

See More

Fáilte chuig Nuachtlitir Na Gaeil Óga, áit a bhfaighidh tú an t-eolas is déanaí faoi gach rud atá ag tarlú inár bpobal bríomhar.

Buachaillí F14 Iomáint, An Mol Óige, Urraitheoirí Féilire, Mórdhinnéar, Imreoirí Fásta, Teachtaireacht ó Bhainistaíocht Cailíní F13, Oireachtas na Samhna

Buachaillí F14 Iomáint

Bhí mí-ádh ar an bhfoireann F14 buachaillí Dé Sathairn nuair a chaill siad cluiche leathcheannais iomána cóngarach i gcoinne na nGéanna Fiáine. Chuir buachaillí an iarthair tús láidir leis an gcluiche le 2 chúilíní iontacha ó Shannon Reilly. Faraor, is ag na Géanna Fiáine a bhí rith an ráis don chuid is mó den chéad leath. In ainneoin sár-chosaint ó Rory Ahearne, Matthew Ó Duinn agus Daniel Talbot chuaigh NGÓ isteach 2-7 go 1-3 síos ag leath ama.

Tháinig NGÓ amach ag tús an dara leath agus tine ar a gcraiceann. Le fuinneamh úr ó fhir ionaid cosúil le Conor Mac Giolla Leith, Fionn Harris agus Caolin Reilly tharraing buachaillí Leamhcáin iad féin ar ais isteach sa chluiche. Fuair Tadhg Ó Breacáin, Tom Ó hEamhaigh dhá chúl in achar dhá nóiméad agus ansin fuair Ríoghnán Ó Briain cúilín chun an bhearna a laghdú go pointe amháin le 7 nóiméad fágtha.

Agus NGÓ sa tóir ar an mbuille marfach d'oscail rudaí suas do na Géanna Fiáine agus chinntigh siad an bua le cúpla scór slachtmhar. Sin deireadh anois le bliain iontach do na lads inar tháinig forbairt mhór orthu ar an bpáirc agus as an bpáirc. Táimid ag súil go mor le tuilleadh fáis agus forbartha an bhliain seo chugainn.

The under 14 hurlers were unlucky on Saturday when they lost a close game to Wild Geese in their semi-final. The Lucan lads started strongly with two great points from Shannon Reilly. However, the opposition got the upper hand for most of the remainder of the first half. Despite resolute defending from Rory Ahearne, Matthew Ó Duinn and Daniel Talbot, Wild Geese led by 2-7 to 1-3 at half time.

Na Gaeil Óga made an excellent start to the second half. Helped by the energy of subs like Conor Mac Giolla Leith, Fionn Harris and Caolin Reilly, the Lucan lads pulled themselves back into the game. With 2 goals in two minutes from Tadhg Ó Breacáin and Tom Ó hEamhaigh, followed by a point from Ríoghnán Ó Briain, the margin was reduced to a single point with 7 minutes left.

While Na Gaeil Óga gave everything to try and get the equalising score, Wild Geese got some nice scores on the counter attack to ensure victory. Over the course of the year, the lads have continued to develop their skills and we look forward to their continued development in the coming year.


An Mol Óige

Spraoi agus spórt, iomáint faoi dhíon san áireamh! Tá fáilte roimh gach duine - baill an chlub agus páistí nua! Rang 2-4. Más suim leat teacht, labhair le Ailbhe 0830949215

The Youth Club

Fun and games, including indoor hurling! All are welcome - club members and new players! For 2nd to 4th class. If interested, please contact Ailbhe on 0830949215.

Urraitheoirí Féilire

Tá urraitheoirí féilire á lorg ag Na Gaeil Óga faoi láthair. Más maith leat fógraíocht a dhéanamh do chomhlacht agus cuidiú linn, cuir r-phoist chuig pobal@nagaeiloga.ie nó DM chugainn.

Na Gaeil Óga are looking for sponsors for our calendar. If you would like to promote your business and help us at the same time, send an email to pobal@nagaeiloga.ie or a DM to us.

Mórdhinnéar

Táimid ag súil GO MÓR le Mórdhinnéar na bliana seo, an chéad Mhórdhinnéar ó 2019!

Seo deis do na baill fásta ar fad teacht le chéile - imreoirí, bainisteoirí, roghnóirí, traenálaithe, teaghlaigh, cairde an chumainn, gach duine - don chéad uair ó 2019!

Seo an deis is fearr le casadh ar na haghaidheanna ón structúr faoi aois, na himreoirí fásta agus gan liathróid peile, sliotar nó geansaí le feiceáil ar éinne! Beidh béile breá againn, cloisimid ó na bainisteoirí éagsúla agus beidh go leor damhsa againn chomh maith.

Ní hamháin sin, ach tá go leor le bronnadh ar an oíche chomh maith. Bronnfar na boinn craoibhe ar an bhfoireann camógaíochta agus bronnfar na boinn sraithe & craoibhe ar pheileadóirí na mban

AGUS, bronnfar na gradaim foirne ar na foirne fásta go léir chomh maith:
Imreoir na Bliana
An tImreoir is Mó Díograis

Imreoirí fásta

Tá peileadóirí fear agus iománaithe fásta an chumainn ag casadh le chéile chun cluichí beaga cúigear an taobh a imirt idir seo agus an Nollaig. Bígí i dteagmháil má tá spéis agaibh éirí aclaí agus aithne a chur ar dhaoine nua!

Teachtaireacht ó Bhainistaíocht Cailíní F13

Oireachtas na Samhna

Comhghairdeas mór le Caoimhe agus Éabha de Búrca a bhuaigh duaiseanna sa Dreas Cainte agus sa Cheol Beirte ag Oireachtas na Samhna i gCill Airne. Moladh go deo leo.

Congratulations to Caoimhe and Éabha De Búrca who won medals at Oireachtas na Samhna which took place in Killarney over the weekend.