Fáilte chuig an Nuachtlitir is déanaí ó Na Gaeil Óga, áit a bhfaighidh tú an t-eolas is déanaí faoi gach rud atá ag tarlú inár bpobal bríomhar.
Cailíní F13 Camogie - Cluiche Ceannais, Buachaillí F14 Iomáint, Cailíní F13 Peil, Amhránaithe an Chlub agus Na Gaeil Óga, Buachaillí F14 v Imreoirí Fásta, Páistí F7,
Cailíní F13 Camogie - Cluiche Ceannais
Bhí lá stairiúil ag cailíní Na Gaeil Óga nuair a bhuaigh foireann camógaíochta F13 an chéad chluiche ceannais scéithe faoi aois riamh don chlub ar an Domhnach, 30 Deireadh Fómhair. Bhuaigh siad thar CLG Na Fianna (3-0 go 2-0) i gColáiste Phádraig, DCU.
D’imir siad in aghaidh fhoireann Na Fianna a bhí an-láidir. Lá tirim ach an-ghaothmhar a bhí ann. Shocraigh Sadhbh Ní Mháirtín néaróga na foirne agus an tslua le cúl iontach chun tús a chur le cúrsaí. Leanadh le dianobair ó Aoibhinn Ní hAilpín, Síofra Healy agus Tara Ní Chonelúir timpeall na cearnóige ag coinneáil cúl báire Na Fianna ar a barraicíní. Mar gheall ar obair dhíograiseach Noreen Igbeta agus Sally Campion bhí sé an-deacair don fhreasúra an liathróid a bhaint amach as a leath féin don chéad 20 nóiméad.
Neartaigh Olivia Ní Nia neart na gcailíní nuair a chuaigh sí chun páirce. Níor bhris Na Fianna tríd go dtí líne cúil ach dhá uair agus lánchúlaí buanseasmhach Leah Nic Giolla Padráig ag coinneáil a gcuid iarrachtaí amach. Bhí marcáil Éabha de Búrca agus Sophie Ní Bheinéid thar cionn, chomh maith le feasacht iontach ar chluichí agus lúthchleasaíocht le feiceáil ón gcailíní ar fad. D’fhág cúl eile ó Shadhbh cailíní Na Gaeil Óga dhá chúl chun cinn ag leath ama.
Sa dara leath thaispeáin na himreoirí lár páirce, Caitlín Ní Fheargail agus Ruby Ní Foghlú, a gcuid scileanna agus díograise le troid leanúnach timpeall lár na páirce. Bhí Anna Nesbitt agus Alva Ní Throitigh ag coinneáil cosantóirí Na Fianna ar a mbarraicíní go leanúnach, go háirithe nuair a bhí ag éirí thar cionn leis na pocanna amach ó Chaoimhe de Búrca.
Thaispeáin Irina Ní Chonelúir agus Eve Ní Fhairceallaigh leibhéil arda aclaíochta agus Na Fianna ag cur léigear orthu sa dara leath. Thaispeáin Tara Ní Éabhróid misneach i rith an chluiche go léir agus í ag cosaint le diongbháilteacht neamhthrócaireach. Le ceannaireacht ó laoch na himeartha agus captaen Aoibhe Ní Léanacháin d'éirigh leis Na Gaeil Óga dul i ngleic lena gcéilithe comhraic go dtí go bhfuair siad an toradh a bhí tuillte acu.
Dúirt an cóitseálaí Annamarie Farrelly: “Bhí bliain iontach ag an ngrúpa cailíní seo, táimid an-bhródúil astu agus as an obair chrua a rinne siad agus as an diongbháilteacht ar fad a léirigh siad.” Dúirt Cathaoirleach na nÓg le Na Gaeil Óga, Gerry O’Connell: “Táimid ag súil go mbeidh go leor laethanta iontacha mar seo againn amach anseo. Na Gaeil Óga abú!”
Sunday was a historic day for Na Gaeil Óga as the under 13 camogie team won the first ever underage championship for the club. They were victors over Na Fianna on a scoreline of 3-0 to 2-0 in DCU.
On a dry but windy day, they faced a very strong Na Fianna team. Sadhbh Ní Mháirtín settled any early nerves with a great goal early in the game. The hard work of Aoibhinn Ní hAilpín, Síofra Healy and Tara Ní Chonelúir around the square kept the Na Fianna goalkeeper busy. With Noreen Igbeta and Sally Campion being very effective, Na Fianna struggled to get the ball out of their own half for the first 20 minutes.
Olivia Ní Nia added to the team when she was introduced. Na Fianna only broke through to the full back line twice, as Leah Nic Giolla Padráig was consistently solid in defence. The tight marking of Éabha de Búrca and Sophie Ní Bheinéid and athleticism of the whole team made it difficult for the opposition to get into the game. Sadhbh then scored a second goal to leave the Lucan team two goals up at half time.
In the second half, midfielders Caitlín Ní Fheargail and Ruby Ní Foghlú showed great skill and determination around the middle. Anna Nesbitt and Alva Ní Throitigh kept the Na Fianna defence on their toes throughout, especially when winning puckouts from Caoimhe de Búrca.
Irina Ní Chonelúir and Eve Ní Fhairceallaigh showed their fitness and skill levels when under pressure from the opposition. Tara Ní Éabhróid showed great courage when defending resolutely throughout the game. Led by captain and player of the game Aoibhe Ní Léanacháin, Na Gaeil Óga managed to get the better of the opposition and secure a historic win for the club.
Na Gaeil Óga: Caoimhe de Búrca; Sophie Ní Bhinéid, Leah Nic Giolla Padráig, Síofra Ní Eílí; Irina Ní Chonchúir, Aoibhe Ní Léanacháin (c), Éabha de Búrca; Caitlín Ní Fhearghail, Ruby Ní Fhoghlú; Eve Ní Fhairceallaigh, Sadhbh Ní Mháirtín, Tara Ní Eabhóid; Tara Ní Chonchúir, Anna Nesbitt, Aoibhinn Ní hAilpín. Ionadaithe: Sally Champion, Noreen Igbeta, Olivia Ní Nia, Amelia Misiejuk, Alva Aonghusa.
Buachaillí F14 - Iomáint
Cailíní F13 - Peil
Amhránaithe an Chlub agus Na Gaeil Óga
Dáta Nua: Amhránaithe an Chlub ag Na Gaeil Óga
Tá oíche rialta amhránaíochta Chlub Chonradh na Gaeilge ag teacht go Leamhcán Déardaoin an 10ú Samhain. Le ceardlann is amhráin ón amhránaí aitheanta Sailí Ní Dhroighneáin. Tabhair leat amhrán agus péire cluas ! Tá fáilte mhór roimh éisteoirí!
Míle b le Ciste Spreagtha Sheachtain na Gaeilge le Energia agus an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán as tacú leis an imeacht seo.
Doirse ar oscailt óna 730pm. Tosóidh na hamhráin ar 8pm. Is gá clárú anseo
Rescheduled date: The singers of Club Conradh na Gaeilge are coming to Lucan Thursday 10th November. Well-known traditional singer Sailí Ní Droighneáin will teach and sing a few songs. Bring a song and a pair ears! Listeners very welcome!
Doors open from 730pm. Songs from 8pm. Registration required - see below link
Buachaillí F14 v Imreoirí Fásta
Bhí dian-choimhlint ann Déardaoin seo caite nuair a thug rogha d'iománaithe fásta an chumainn aghaidh ar an bhfoireann F14 mar chuid dá n-ullmhúchán do na cluichí leath-cheannais le teacht!
There was a great battle last Thursday when the under 14 hurlers took on some of the adult players as part of the preparations for their upcoming semi-final.
Páistí F7
Maidin spreagúil leis na buachaillí agus na cailíní F7. Cultacha iontacha ó na páistí agus ó na cóitseálaithe! Tá na buachaillí agus na cailíní ag glacadh sos anois atá tuillte go maith acu.
The under 7 boys and girls had great fun at the weekend. The kids and coaches had fantastic costumes and they are taking a well-earned break from school this week.