Na Gaeil Óga

Founded 2011

Dublin

Nuachtlitir 28.10.2022

Download our mobile app to hear more about Na Gaeil Óga.

See More

Fáilte chuig an Nuachtlitir is déanaí ó Na Gaeil Óga, áit a bhfaighidh tú an t-eolas is déanaí faoi gach rud atá ag tarlú inár bpobal bríomhar. 

Cailíní F13 Camogie - Cluiche Ceannais, Cailíní F7, Buachaillí F10 - Iomáint, Mórdhinnéar - Gradaim, Cailíní F9 - Peil, Campa Samhna, Mí Domhanda na Meabhairshláinte, An tAcadamh,

Cailíní F13 Camogie - Cluiche Ceannais

Beidh na cailíni ag imirt i gcluiche ceannais Dé Domhnaigh i gcoinne Na Fianna. Beidh sé ar siúl i bPáirc Naomh Caitríona ar 1:30pm. Bheadh sé iontach tacaíocht mhór a bheith ann dóibh!

The under 13 camogie team will be playing their final this Sunday. They take on Na Fianna in St. Catherine's Park at 1:30pm. Please come along to cheer on the Girls. NGO Abú!

Cailíní F7

Chuaigh na Cailíní F7 chun páirce sa deirdadh seachtaine in aghaidh Na Tráchtálaí. Bhí scileanna iontacha le feiceáil ón dá fhoireann. Maith sibh ar fad, a chailíní.
Gabhaimid buíochas le Na Tráchtálaí CLG as an bhfáilte mhor a thug siad dúinn. Táimid ag súil go mór le cluichí eile sa todhchaí!

The under 7 girls took on Commercials at the weekend. There were fantastic skills displayed by both teams. Thanks to Commercials for the welcome and well done to all the players.


Buachailli F10 - iomáint

B’iad na cluichí deireanacha den séasúr a bhí ann inniu agus ba chluichí iontacha iad! D’imir na buachaillí go léir ar a míle dícheall i gcoinne foireann an-láidir Naomh Sylvester san iománaíocht. Táimid ar bís don chéad chaibidil eile agus fásfaidh an grúpa seo nuair a bheadh siad F11 sa bhliain nua. NGÓ abú!

The under 10 hurlers had their final games of the year against St. Sylvester's. There was some great hurling played in very competitive games. We're all looking forward to the next chapter in the hurling development of the boys when then play under 11 next year.


Mórdhinnéar - Gradaim

Táimid ag súil GO MÓR le Mórdhinnéar na bliana seo, an chéad Mhórdhinnéar ó 2019!

Seo deis do na baill fásta ar fad teacht le chéile - imreoirí, bainisteoirí, roghnóirí, traenálaithe, teaghlaigh, cairde an chumainn, gach duine - don chéad uair ó 2019!

Seo an deis is fearr le casadh ar na haghaidheanna ón structúr faoi aois, na himreoirí fásta agus gan liathróid peile, sliotar nó geansaí le feiceáil ar éinne!

Beidh béile breá againn, cloisimid ó na bainisteoirí éagsúla agus beidh go leor damhsa againn chomh maith.

Ní hamháin sin, ach tá go leor le bronnadh ar an oíche chomh maith.

Bronnfar na boinn craoibhe ar an bhfoireann camógaíochta agus bronnfar na boinn sraithe & craoibhe ar pheileadóirí na mban

AGUS, bronnfar na gradaim foirne ar na foirne fásta go léir chomh maith:
Imreoir na Bliana
An tImreoir is Mó Díograis

Is é 5ú Samhain an lá deirneach le ticéad a cheannacht.

Na Gaeil Óga | Purchase Product (clubzap.com)


Cailíní F9 - Peil

Maith sibh na cailíní faoi 9 a d'imir go maith sa deireadh seachtaine. Go raibh maith agaibh do Naomh Bríd CLG. Ba é an cluiche deireanach a bhí againn den dara séasúr. Is iontach an fhorbairt a fheiceáil sna cailíní.

Well done to the under 9 girls who played their final game of the year at the weekend against St. Brigid's. It's great to see the continuous improvement of their skills.

Campa Samhna

Campa Samhna leis Na Gaeil Óga!
Páiste amháin: https://nagaeiloga.clubzap.com/products/9451/purchases/new
Beirt: https://nagaeiloga.clubzap.com/products/9452/purchases/new
Triúr: https://nagaeiloga.clubzap.com/products/9453/purchases/new


Mí Domhana na Meabhairshláinte

Is é mí Dheireadh Fómhair 'Mí Domhanda na Meabhairshláinte'. Bhí NGÓ ag iarraidh é seo a phlé lenár n-imreoirí óga, agus d’iarr muid orthu rud amháin a bhfuil siad buíoch as a phlé linn. Tá an ghrafaic déanta suas as a gcuid freagraí! Buíochas le Gill, cóitseálaí na Foirne F10, as an ngrafaic a dhearadh!

October is World Mental Health Month. Na Gaeil Óga asked our younger members to tell us about something that they are grateful for. A lovely graph was put together which represents their answers. Many thanks to Gill, coach of the under 10's, for designing this.

An tAcadamh

Ní bheidh aon seisiún againn dé Sathairn beag seo! Bainigí taitneamh as an sos agus beidh muid ar ais ar an 5ú

An tAcadamh - There will be no session this Saturday! Enjoy the break and we will be back on the 5th.