Fáilte chuig an Nuachtlitir is déanaí ó Na Gaeil Óga, áit a bhfaighidh tú an t-eolas is déanaí faoi gach rud atá ag tarlú inár bpobal bríomhar.
Buachaillí F14 - Iomáint, Cailíní F13 - Camogie, Buachaillí F10 - Peil, Mórdhinnéar - Gradaim, Díolachán Cácaí
Buachaillí F14 - Iomáint
Bhí lá stairiúil ann Dé Sathairn nuair a thug foireann faoi aois Na Gaeil Óga faoi chluiche cáilithe craoibhe den chéad uair.
Is ag tabhairt aghaidh ar na Géanna Fiáine a bhíomar i gcluiche leathcheannais F14. Cluiche den chéad scoth a bhí ann a chríochnaigh mar chomhscór tar éis am breise.
Le breis is 200 de lucht tacaíochta ann do bhuachaillí an iarthair is cluiche é a mhairfidh i bhfad i gcuimhne na ndaoine a bhí ann.
Thosaigh na Géanna Fiáine go láidir le dhá cúilín tapaigh ach de réir mar a fuair Jake Nesbitt agus Dara de Búrca an lámh in uachtar i lár na páirce chuir NGÓ smacht ar an gcluiche.
Le Ríoghnáin Ó Briain i mbarr a réime ón imirt agus ar na pocanna saora, bhí Na Gaeil Óga ag dul ó neart go neart. D'ardaigh gaoth láidir inár gcoinne sa dara leath agus bhí teacht aniar láidir ann ó na Géanna Fiáine. Arís agus arís eile sheas an líne lántaca agus an cúl báire, Brian Ó Meadhra, Matthew Ó Dúinn, Rory Ahearne agus Seán Anderson an fód. Nuair a séideadh an fheadóg tar éis 60 nóiméad is 1-8 go 1-8 a bhí ann.
Thosaigh na Géanna Fiáine leis an ngaoth sa dara leath agus chuaigh siad trí chúilín chun tosaigh. Bhí Tadhg Ó Breacáin go leanúnach ag cruthú dúshlán don fhreasúra. Ní raibh an port seinnte faraor. Tar éis obair na gcapall fuair Shannon Reilly cúl a chuir Gaeil BhÁC cúilín chun tosaigh ach fuair na Géanna Fiáine an scór deireanach le cinntiú go mbeadh lá eile ann.
Táimid ar fad ag súil leis an gcéad lá eile cheana féin.
Saturday was a historic day for the club, as we had an underage team in a semi-final for the first time ever! The under 14 hurlers took on Wild Geese in St. Catherines Park. Following an epic battle, the teams finished level after extra time.
With over 200 spectators present, this game will live long in the memory of all who attended. Wild Geese started well with 2 early points, but with Jake Nesbitt and Dara de Búrca then gaining the upper hand in midfield, Na Gaeil Óga took control of the game.
With Ríoghnáin Ó Briain excelling from play and frees, Na Gaeil Óga grew into the game. With the aid of a strong breeze, the opposition came back strongly in the second half. The goalie and full back line, Brian Ó Meadhra, Matthew Ó Dúinn, Rory Ahearne and Seán Anderson were under a lot of pressure but stood their ground. At the end of normal time, the score was 1-8 each.
Wild Geese started extra time strongly and went three points ahead, although Tadhg Ó Breacáin was creating a lot of problems for them. The game wasn't over yet though and after a massive effort, Shannon Reilly scored a goal for the Lucan lads. Wild Geese got the final point to ensure a draw after extra time.
We're all eagerly awaiting the next game!
Cailíní F13 - Camogie
Bhí an chéad chluiche cáilithe riamh ag foireann faoi aois na gcailíní maidin Dé Domhnaigh nuair a thug siad aghaidh ar Bhaile an Tirialaigh.
Fuair siad an lámh in uachtar sa chluiche agus sár-bhua ar deireadh. Farasbarr de 2 chúilín a bhí ann ag an deireadh, 3-2 go 2-3.
Bhí Caoimhe de Búrca an-slachtmhar sa chúl, thug líne leath-chúil NGÓ ardán láidir do chailíní Leamhcáin le Sophie Bennett, Aoibhe Ní Léanacháin agus Éabha de Búrca sár-mhaith ó thús go deireadh.
Bhí Ruby Foley agus Caitlín Ní Fhearghail an-tórthúil timpeall lár na páirce. Le cúilín an lae ag Foley ón imirt.
Bhí Sadhbh Ní Mháirtín an-bhrabhsach ó thús agus is í a fuair an cúl a chinntigh an bua. Ach laoch na imeartha ar an lá ná Noreen Igobetá a fuair cúl cinniúnach ina céad cluiche riamh agus a bhí an-éifeachtach sa líne leath-thosaigh.
Tosnóidh na hullmhúcháin anois don chluiche ceannais.
The first ever qualifier game for a girls team in the club took place on Sunday morning when the under 13 camogie team faced Tyrrelstown. Na Gaeil Óga recorded a historic win on a scoreline of 3-2 to 2-3.
Caoimhe De Búrca was very composed in goals and the half back line of Sophie Bennett, Aoibhe Ní Léanacháin and Éabha de Búrca gave the Lucan girls a solid platform to build from.
Ruby Foley and Caitlín Ní Fhearghail were impressive in midfield, with Foley scoring the point of the day from play.
Sadhbh Ní Mháirtín was very strong all through and scored the winning goal. The player of the game was Noreen Igobetá who scored a vital goal in her first ever game and was very effective in the half forward line.
Preparations now begin for the finals!
Buachaillí F10 - Peil
Bhí trí chluiche dhiana ag na Buachaillí F10 in aghaidh CLG Na Fianna.
Cluiche tapa ar pháirc A. D’imir Seán McLoughlin agus Giuliano Burses ar fheabhas ar fad agus fuair John McDermott cúpla scór den scoth.
Cluiche an-chothrom ar pháirc B. Thit na leaids síos cúpla pointe, ach níor stop siad. Tháinig siad ar ais le scór iontach ó Bobby Foy agus obair chrua ó Shayne Lynagh agus Aodhfin Farelly.
Cluiche dian ar pháirc C, ach bhí scileanna den scoth le feiscint ó Dhonnchadh Büttner, Ruairí Fee agus Finn Graham. Ba é Conor Dunbar laoch na himeartha.
The under 10's had three tough games against Na Fianna. In a fast-paced game on pitch A, Seán McLoughlin and Giuliano Burses played excellently and John McDermott got some quality scores.
On pitch B, despite going behind early on, the lads fought back admirably with a great score from Bobby Foy. Shayne Lynagh and Aodhfin Farelly also showed a brilliant work rate.
Pitch C saw a very competitive game in which Dhonnchadh Büttner, Ruairí Fee and Finn Graham displayed their skills, while Conor Dunbar was player of the game.
Mórdhinnéar - Gradaim
I measc na ngradam atá le bronnadh ag an Mórdhinnéar, bronnfar 3 ghradam aonarach
Seo chugaibh an liosta:
Gaeilgeoir na Bliana
Bronnfar an gradam seo ar an duine atá tar éis an dul chun cinn is mó a dhéanamh ó thaobh na Gaeilge de.
Oiliúnóir na Bliana
Bronnfar na gradam seo ar dhuine de na traenálaithe atá tar éis a bheith an-díograiseach, spreagúil agus gaisce ar leith a dhéanamh ina ról lena bhfoireann.
Gradam Sheáin Uí Laighin
Is é seo príomhghradam an chumainn, i gcuimhne ar Sheán Ó Laighin. Bronnfar an gradam seo mar aitheantas ar an duine is mó atá tar éis obair ar son an chumainn.
Táimid ag iarraidh cloisteáil uaibh, an seasann duine amach duit do na gradaim áirithe seo?
Má ritheann éinne leat, cuir do mholtaí (ainm & ainm an ghradaim) ar aghaidh ar cumannclg@gmail.com roimh 31 Deireadh Fómhair.
Among the awards being presented at the annual dinner will be the following:
Gaeilgeoir of the Year:
Presented to someone who has worked hard all year at improving their Irish.
Coach of the Year:
Presented to a coach who has shown great commitment to inspiring their team throughout the year.
Seán Ó' Laighin Award:
This is the main award and is presented in honour of Seán Ó' Laighin. This is presented to the person who has put in the most work on behalf of the club during the year.
We want to hear your nominations for the awards. In order to nominate someone, please email cumannclg@gmail.com with the name of the person and which award you are nominating them for by October 31st.
Díolachán Cácaí
Bhí €736 a tiomsaíodh don fheachtas 'Build for the Boys' ar díolachán cácaí Dé Sathairn.
€736 was raised at the cake sale for Build for the Boys on Saturday in St. Catherine's Park.