Na Gaeil Óga

Founded 2011

Dublin

Nuachtlitir

Download our mobile app to hear more about Na Gaeil Óga.

See More

Fáilte chuig an Nuachtlitir is déanaí ó Na Gaeil Óga, áit a bhfaighfidh tú an t-eolas is déanaí faoi gach rud atá ag tarlú inár bpobal bríomhar.

Buachaillí F9

Chuir na buachaillí F9 fáilte roimh Commercials i bPáirc Naomh Caitríona maidin dé Sathairn.Chuir an dá fhoireann a gcroíthe isteach ón dtús. Bhí go leor tarraingt láidir le feiceáil agus pasanna den scoith. D’obair Eoin & Bobby an-mhaith le chéile i lár na páirce agus chuir an fhoireann ar fad brú mór ar Commercials. Bhí na buachaillí ag obair ar an bpas láimhe an tseachtain seo caite agus bhí sé sin soiléir ó Chian & Conor go háirithe. Rinne Aodhfin roinnt bloic tábhachtach san aer sa dara leath a chur stop le fuinneamh Commercials agus fuaireamar roinnt scóranna mhaithe. Bhí luas an chluiche seo dochreidte. Ná Gaeil Óga abú!
The under 9 boys welcomed Commercials to St. Catherine's on Saturday. Both teams put their hearts into the match from the start. There were plenty of good scores and passes. Eoin and Bobby worked extremely well together in mid-field and the entire team put alot of pressure on  Commercials. The boys worked on hand passing last week and that was obvious in the match, particularly from Cian and Conor. Aodhfin made some important blocks in the second half that put a stop to the energy from Commercials and we got some great scores. The speed of the match was unbelievable. Na Gaeil Óga abú!

Foireann Iomána (A)

Bhí bua ag an gcéad fhoireann iománaíochta sa chéad chluiche craoibhe in aghaidh Naomh Sailbheastair maidin Dé Domhanaigh i bPáirc Naomh Chaitríona. Tar éis tús mall, fuair Niall McQuillan cúl roimh an chéad sos uisce. Chuir dhá chúl eile ó Cónán Glas agus Naoise Ó Lionáird, tar éis chomhimirt iontach idir roinnt imreoirí, bearna chúig cúilín idir na foirne ag leath ama. Le cúilíní deasa ó Dhaithí De Buitléir agus le cúl ó Eoin Ó Maoláin sa dara leath, bhí Na Gaeil Óga ábalta bearna cúpla cúilín a choiméad idir na foirne go dtí an fheadóg dheireanach. D'imir Brian Moran agus Aidan Whelan an-mhaith agus bhí Seamas Hyland ar fheabhas mar chosantóir.

Foireann Iomána (B)

I gcluiche stairiúil trathnóna Dé Domhnaigh i bPáirc Naomh Chaitríona, bhí an dara fhoireann iománaíochta ó Na Gaeil Óga ag glacadh páirt sa chraobh den chéad uair riamh. Naomh Chaoimhín Chillian an fhreasúra a bhí acu. Tar éis taispéantas den scoth, bhí an bua ag na Gaeil Óga. Cian ó hIríle le dhá chúl, agus Seán Quinn le roinnt cúilíní, an bheirt is mó a chláraigh na scóranna do Na Gaeil Óga agus fuair Ruadhán Ó Feinneadha agus Diarmuid Ó Ceallaigh cúil freisin. D'imir Conor Crowther, Cian Ó hIríle agus Seán Ó hAodha an-mhaith do na Gaeil Óga.