Na Gaeil Óga

Founded 2011

Dublin

Ár Bhfoirne Peile

Download our mobile app to hear more about Na Gaeil Óga.

See More

Dhá chluiche sa mbaile i bPáirc Naomh Caitríona amárach agus Foirne na bhFear ag dul chun páirce. Beidh Foireann na bhFear A ag tabhairt aghaidh ar Bheann Éadair i gcluiche coirn ag 11 agus beidh an Fhoireann B ag dul san iomaíocht in aghaidh Naomh Áine i gCluiche Leathcheannais Craoibhe ag 3. Is é seo an cluiche is mó i stair na Foirne B tar éis na dianoibre ar fad a rinne siad i mbliana. Chaill siad ag tús na bliana an chluiche sraithe a imríodh i mbliana in aghaidh Naomh Áine agus beidh siad ag lorg díoltais amárach leis an díograis agus an dul chun cinn atá déanta acu a léiriú agus an Cluiche Ceannais a bhaint amach.

Seo iad na himreoirí ar fad a bhí amuigh linn ó thús na bliana go dtí anois - 16 chontae agus Meiriceá san áireamh. Gach rath ar na himreoirí ar fad amárach!

Na Gaeil Óga abú!