Fáilte chuig Nuachtlitir Na Gaeil Óga, áit a bhfaighidh tú an t-eolas is déanaí faoi gach rud atá ag tarlú inár bpobal bríomhar.
Buachaillí F10 - Iomáint
Bhí na buachaillí faoi 10 ar ais ar an bpáirc - ag iomáint ag barr shléibhte Átha Cliath in aghaidh Réaltaí na hÉireann! @starsoferin
Cluiche den scoth a bhí ann & táimid an-bhródúil astu.
Maith sibh lads!
Buachaillí F9 - Iomáint
Iontach na leaids a fheiceáil ina gcuid geansaithe nua. Míle buíochas do Paul, athair Oisín agus @focalmedialtd as ucht urraíocht a dhéanamh. Táimid ullamh don séasúr nua. Beirimis bua!
Bhí an chéad chluiche ar ais againn. Tá an cleachtadh agus an obair chrua ar fad le feiceáil anois. Léirigh na leaids fíordhiongbháilteacht i rith na gcluichí agus níor stop siad riamh. Tá siad ag fáil an-mhuinín agus ag obair mar fhoireann. Maith sibh achan duine.
Peil Na Mban - Ar Ais ag Traenáil
Tá súil agam go bhfuil sibh go léir réidh le teacht ar ais ag traenáil má tá suim agat i bpeil na mban bí cinnte go dtagann tú amach Dé Luan agus Dé Chéadaoin in Ospidéal An Rí ag 7:45-8:45.