Fáilte chuig Nuachtlitir Na Gaeil Óga, áit a bhfaighidh tú an t-eolas is déanaí faoi gach rud atá ag tarlú inár bpobal bríomhar.
Comórtas Scileanna
Comhghairdeas le na buachaillí a ghlac páirt inár gcomórtas scileanna thar an Nollaig. Bhí sé iontach na físeáin a fheiceáil. Ba mhaith linn comhghairdeas a ghabháil leis na buaiteoirí seo a leanas
Ruadhán - Liathróid
Ben - Shinguards
Sean - Mala
Fionn O’B - Stocaí
Harry - Stocaí
Lorcan O’B - Láimhíní
Fionn Mac - Bosca Seacláid
Finn - Bosca Seacláid
Liam - Bosca Seacláid
Tá an-áthas orainn a fheiceáil an dul chun cinn agus an díograis atá ag na buachaillí anois. Tá a fhios againn go mbainfidh siad tairbhe as a bheith ag cleachtadh sa bhaile, fiú cúpla nóiméad gach lá leis an gcamán nó liathróid.
Buachaillí F12 - Iomáint
Lá crua do na leaids ar an dara lá den blitz iomána.....bhí an dá fhoireann a imríomar in aghaidh inniu i ranna níos airde ná sinne, agus cé gur chailleamar na cluichí bhí siad fós an-iomaíoch.
Moladh go leor ár n-imreoirí ó na cóitseálaithe eile....go háirithe faoi fheidhmíocht iontach cúl báire ó Conor Sheehan agus taispeántas cumhachtach lár páirce ó Rhys Reilly.
An tseachtain seo chugainn beimid ag cur tús lenár dturas chuig an saol iomaíoch F12 CLG.
Turas go Gaillimh
Bhí deireadh seachtaine iontach ag foirne peile, iomána is camógaíochta fásta an chumainn i nGaillimh. D'imir muid cluichí dúshláin in éadan CLG Bhóthar na Trá-Cnoc na Cathrach @skgaa Thug Aoife ó @micildistillery cuntas fíorshuimiúil dúinn ar dhéanamh an phoitín agus bhlaiseamar de shaol cultúrtha na cathrach. Míle buíochas leo sin ar fad as ds iontach a chur ar fáil.
Má tá fonn ort páirt a ghlacadh ina leithéid amach anseo, bí le NGÓ!