Fáilte chuig Nuachtlitir Na Gaeil Óga, áit a bhfaighidh tú an t-eolas is déanaí faoi gach rud atá ag tarlú inár bpobal bríomhar.
Buachaillí F11 - Iomáint, Cailíní F8 - Peil, Buachaillí F9 - Peil, Maidin Oscailte, Buachaillí F11 - Peil, Buachaillí F15 - Iomáint, Buachaillí F12 - Iomáint, Na hImreoirí - Diarmuid Ó Curraoin, Na hImreoirí - Jimmy Keane
Buachaillí F11 - Iomáint
Dhá chluiche diana iomána in aghaidh Chill Mochuda na gCrócaigh.
Cé nach ndeachaigh na torthaí ar ár mbealach bhí neart imirt iontach fós le feiceáil ar na páirceanna.
Rinne na buachaillí go han-mhaith leanúint ar aghaidh ag imirt dá chéile agus gan éirí as go dtí an fheadóg dheireanach.
Cailíní F8 - Peil
Bhí na cailíní go hiontach arís. Roinnt dóibh ag teacht amach as a gcompord anois agus ag obair go han-dian i rith na gcluichí ó thús go deireadh. Níor stop siad go dtí an nóiméad deireanach.
"Mol an Óige agus Tiocfaidh Sí"
#cailíníf8 #cairdeas #lechéile #agobairgodian #nagaeilógaabú
Buachaillí F9 - Peil
Bhi maidin álainn ag na buachaillí faoi 9 le dhá chluichí iontacha in aghaidh Naomh Caoimhín-Cillian.
Ba iad Oisin O’D & Danny na himreoirí is sciliúla inniu
Maith sibh a bhuachaillí go léir & Lá breithe sona do Riley!
Maidin Oscailte
Maidin Oscailte san Acadamh. Maidin den scoth. Ceol, Spraoi, Iomáint, Peil agus Uachtar Reoite!
Míle buíochas do Shinéad Ní Bhearbóir agus na cuntóirí uilig, Clann Uí Bhreacháin ag seinnt ceoil, leaids ó na Buachaillí F15 agus na Cailiní F14, na péintéirí aghaidhe, an Bartman (fear an uachtair reoite), Gaelscoil Naomh Pádraig as ucht an trealamh agus gach duine a thug cabhair. Mar a deireann ráiteas misin CLG “Tá áit dúinn uilig anseo”! NGÓ abú!
Buachaillí F11 - Peil
Dhá chluiche diana i gcoinne ClannaGael Fontenoy.
D’imir na leaids go han-mhaith le pasanna agus scóranna iontacha.
Ar an gcéad pháirc, bhí Luke Hickey cosúil le cat sa chúl, cosaint láidir ó Shayne Lynagh, Sean McLoughlin agus Ronan De Paor, dáileadh den scoth ó Eoin Keogh agus Rhys Reilly agus scóranna iontacha ó Jack O Leary agus Cian MacGiollaPhádraig chun tosaigh.
Ar an dara páirc cúl bhí mballa sa chúl le Orin Crowe, cosaint iontach ó Dara Canning agus James Hickey, pas iontach agus sár-scileanna i lár na páirce ó Conor Sheehan, Aodhfin Farelly agus Donnchadh Büttner, agus scóranna breátha ó Ruairí Mac Giolla Phádraig.
An imirt ar fad ó gach duine!!!!
Buachaillí F15 - Iomáint
Bhí bua iontach ag an bhfoireann F15 sa chluiche leath-ceannais sraithe.
Bhí scóranna cinniúnacha ó Caolin Reilly agus sabháil dochréidte i dtreo an deireadh ó Sean Anderson a chinntigh an bua.Bhí taispeantais iontach ann ó Adam Ó Bradaigh, Jake Nesbitt agus Sam Wright Graydon.
Bogfaidh na lads ar aghaidh anois le cluiche ceannais i gceann coicís
Buachaillí F12 - Iomáint
Bhí lá álainn ag an bhFoireann F12 ag an mblitzchomórtas a d’eagraigh Cill Mochuda na Crócaigh, i gColáiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath ar an Domhnach.
D’imir an fhoireann 4 chluiche ar an iomlán. Bhuaigh siad 3 chinn, an chraobh san áireamh agus an t-aon chluiche a chaill siad, chaill siad é le díreach pointe amháin! Scóráil an fhoireann 4-7 sna cluichí, agus níor ghéill siad ach 4 phointe thar an lá ar fad.
Ghlac 24 fhoireann páirt sa chomórtas- foirne ó Ghaillimh, Corcaigh agus Luimneach ina measc. Ba mhór an ónóir é cuireadh a fháil chun páirt a ghlacadh ann. Lá den scoth a bhí ann do na páistí agus a gclanna araon.
Na hImreoirí - Diarmuid Ó Curraoin
Na hImreoirí - Jimmy Keane