Na Gaeil Óga

Founded 2011

Dublin

Nuachtlitir 01.10.2023

Download our mobile app to hear more about Na Gaeil Óga.

See More

Fáilte chuig Nuachtlitir Na Gaeil Óga, áit a bhfaighidh tú an t-eolas is déanaí faoi gach rud atá ag tarlú inár bpobal bríomhar.

Acadamh Na Gaeil Óga, Buachaillí F8 Agus F11 - Iomáint, Cailíní F8 - Camogie, Rónán Mac Aodha Bhuí

Acadamh Na Gaeil Óga

Beidh Acadamh Na Gaeil Óga ar siúl Dé Sathairn ar a 10am agus 11am do na cailíní agus na buachaillí is óige sa chumann. Tuilleadh eolais: 0861954176

Buachaillí F8 Agus F11 - Iomáint

Dhá chluiche comórtasach i gcoinne Trinity Gaels le roinnt scóranna agus bloic álainn ag na buachaillí f8 agus f11.
Sár-imirt á thaispeáint ag Eoin Keogh, Sean McLoughlin, Conor Sheehan agus James Hickey.
Beirt chúl báire den scoth in Evan Foley agus Orin Crowe agus sár cosaint ó Shayne Lynagh.

Cailíní F8 - Camogie

Na cailíní F8 ar an Domhnach i gcoinne Erin go Bragh... Arís bhíodar chomh maith ó thús go deireadh. Scileanna ag teacht ar aghaidh seachtain i ndiaidh seachtaine. Spórt, Spraoi, Cairdeas agus Gaeilge - céard eile a bheadh ag teastáil!!!

Rónán Mac Aodha Bhuí

Tá muid faoi bhrón i ndiaidh Rónáin. Craoltóir den chéad scoth lán craic agus spreagadh. Is minic a bhí baill éagsúla ó Na Gaeil Óga ar an aer leis agus muid ag iarraidh teacht ar imreoirí agus lucht tacaíochta sna chéad bhlianta, nó ag plé gaiscí ar an bpáirc (agus go leor eile). Braithfimid uainn é. Suaimhneas dó agus comhbhrón lena mhuintir ar fad agus a chairde fud fad na tíre.