Fáilte chuig Nuachtlitir Na Gaeil Óga, áit a bhfaighidh tú an t-eolas is déanaí faoi gach rud atá ag tarlú inár bpobal bríomhar.
Cailíní F8 - Peil, Buachaillí F14 - Peil, Buachaillí F15 - Peil, Cailíní F8 - Camogie, Imir le Na Gaeil Óga
Cailíní F8 - Peil
Ar ais linn chun páirce. Cluiche den scoth in aghaidh St Pats Palmerstown. Imreoirí iontacha idir an dá bhfoireann. Ár gcéad lá ar ais agus muid chomh cróga agus laidir.
Fuaireamar seans corn na mban an Brendan Martin a fheiceáil chomh maith
Ar aghaidh linn le chéile.
Buachaillí F14 - Peil
A chairde, bhí maidin álainn againn i Naomh Olafs!
Cluichí breá sportúil & bhí na lads go léir go hiontach.
Is iad go leir laochra na himeartha
Buachaillí F15 - Peil
Bhí bua cuimsitheach ag na peileadóirí F15 i gcóinne Na Fánaithe.
Bhí an chéad leath an-teann agus an báisteach ag titim go trom ach chinntigh scóranna deas ó Max Nesbitt, Dara de Búrca & Sean Ó Beacháin go raibh buachaillí Leamhcán cúilín chun tosaigh ag leath-ama.
Chuir na buachaillí tús spleodrach leis an dara leath le trí chúl ó Caolin Reilly agus ceann ó Jake Nesbitt. Chinntigh diongbháilteacht Adam Ó Bradaigh & Conor Mac Giolla Leith sna tacaithe nach raibh aon bhealach ar ais isteach sa chluiche don fhreasúra.
Cailíní F8 - Camogie
Camógaíocht dúinn in aghaidh @stperegrinesgaa. Bhí na cailíní tharr barr arís.. Tá na scileanna ag dul ó neart go neart!
Maith sibh arís a chailíní!!
Na Gaeil Óga Abú!!
Imir le Na Gaeil Óga
Tá fáilte roimh imreoirí nua ar fhoirne peile fásta Na Gaeil Óga i gcónaí. Is breá an rud é a bheith amuigh ar an bhféar san aimsir bhreá. Gearóid Ó Mórdha a ghlac an pic seo den ghrian ag dul faoi tar éis traenála i bPáirc an Fhionnuisce ar an Aoine.