💙~An NUACHT is déánaí~💛
Deis iontach dí na scileanna a fhorbairt agus taithí iontach á fháil ar an gcluiche agus í ag imirt ar son Baile Átha Cliath.
A fantastic experience and chance to develop the skill of the game while plaing for the Dublin squad.
Go raibh míle maith agaibh @dublin_camogie as ucht an obair iontach a dhéantar leis na h-imreoirí seo uilig.

Cuireadh tús leis an bhfeachtas craoibhe le deéanaí nuair a thug an fhoireann B ag tabhairt aghaidh ar Scoil Uí Chonaill. Thug an fhoireann A
aghaidhe ar Naomh Sailbheastair i nGort na Giolcaí chomh maith.
Seo Scéal na nGael!

Bua láidir ag na leaids anocht i sléibhte Bhaile Átha Cliath.
Bhí Brian Cronin lárnach san imirt i lár na páirce, ag aimsiú na liathróide seacht n-uaire as a chéile as cic amach an fhreasúra.
D'éirigh le hAlan Ó Rothlain 1-3 a bhaint amach ina chéad cluiche ar ais ó ghortú - d'aimsigh sé cúl le dorn láidir, tar éis cicphas ard isteach ó Niall O' Connor.
D'imir Shane Mac Amhlaoibh as a chraiceann amach inniu i suíomh nár imir sé ariamh - uimhir a 3. Post lárnach, ach luigh sé isteach air ar nós iasc san uisce!
Cluiche amháin fágtha sa tsraith anois. Ag lorg ardú céime.
Ar aghaidh linn 🔵🟡
********************
Cúl Camp Na Gaeil Óga CLG – Campaí Lúnasa ar fáil anois!
Cúl Camp a Huge Success – August Camps Now Open for Booking!
Bhí Cúl Campa Na Gaeil Óga lán de spraoi, cairdeas agus cluichí CLG i rith na seachtaine.
D’fhoghlaim na páistí scileanna nua, d’imir siad le chéile agus bhain siad an-taitneamh as an atmaisféar dearfach, go hiomlán trí Ghaeilge.
Na Gaeil Óga’s recent Cúl Camp was packed with fun, friendship and Gaelic games all week long.
Children learned new skills, played together, and enjoyed a vibrant, welcoming atmosphere – all through Irish.
Buíochas mór lenár gcóitseálaithe agus lenár bhfoireann deonach a d’oibrigh go crua chun seachtain den scoth a eagrú.
A huge thanks to our coaches and volunteers who helped make the week such a success.
Tá campaí eile ar siúl i mí Lúnasa agus tá na h-áirithintí ar oscailt anois!
We have more summer camps in August – and bookings are now open!
Cláraigh inniu / Book now:
https://nagaeiloga.clubzap.com/categories/camp/products
Would you like to play GAA through Irish? Get in touch..We have teams for every age from young to senior level.
Email - secretary.nagaeiloga.dublin@gaa.ie
for further details